Bunaíodh Coláiste Chiaráin sa bhliain 1980. Is cuimhin
liom an chead uair a chuala me faoi ‘iarbhunscoil’ a bheith
beartaithe don bhaile. Baile suain do Baile Átha Cliath ab ea
Léim an Bhrádain an uair sin agus bhí tithe á dtógáil go tiubh i
ngach aon bhall agus an daonra ag méadú. Bhí na bunscoileanna
ag cur thar maoil. Ach d’éirigh conspóid ar an mbaile i
dtaobh an cineál iarbhunscoile a bhunófaí: meánscoil, gairmscoil,
scoil chuimsitheach, coláiste pobail faoi scáth an Choiste
Gairmoideachais, nó pobalscoil faoi scáth na nEaglaisí. Tar
éis dhá nó trí reifreann de chineálacha éagsúla i mease pobal an
bhaile agus i mease tuismitheorí na bpáistí sna bunscoileanna
cinneadh ar phobalscoil a bhunú.
Ba é an chéad ábhar ar cheann de na cruinnithe ba thúisce ná
ainm a roghnú don scoil. Bhí lé ar leith ag an bPríomhoide le
Cluain Mhic Nóis agus Ciarán Naofa. As an gcruinniú sin a
baisteadh ‘Coláiste Chiaráin’ ar an scoil nua cé nár athraigh An
Roinn Oideachais ón ainm sealadach a bhí tugtha acu féin ar an
scoil riamh. Níos deanaí nuair a bhí sciath na scoile á
dhearadh moladh line as dán sa sean-Ghaeilge mar mhana don scoil:
‘Tús Feasa Fiafraí’